Nuashonrú ar Fheabhsúchán Mhótarbhealach an M7 ón Nás go Droichead Nua

Chuir an conraitheoir, SIAC Colas JV, Comhairle Contae Chill Dara agus BIÉ ar an eolas, faoi réir aimsir fhabhrach agus go gcríochnaítear na gníomhaíochtaí riachtanacha go léir, beidh trí lána ar fáil don trácht ar charrbhealach an M7/N7 Soir ó Acomhal 10 (an Nás Theas) go dtí Acomhal 8 (Baile Eoin), ó Dé Luain, an 17 Meitheamh 2019.
Cuirtear in iúl do thiománaithe go mbeidh an luasteorainn laghdaithe shealadach 60 ciliméadar san uair i bhfeidhm go fóill fad a bhíonn oibreacha ar siúl ar chiumhais/ghualainn chrua an bhóthair.
Tá súil leis sin go mbeidh trí lána ar fáil Siar ó Acomhal 8 (Baile Eoin) go hAcomhal 10 (an Nás Theas) an tseachtain dar tús an 24 Meitheamh 2019. 
Ag an tráth sin, méadófar an luasteorainn shealadach ar an dá charrbhealach Soir agus Siar aníos go dtí 80 ciliméadar san uair idir Acomhal 8 (Baile Eoin) agus Acomhal 10 (an Nás Theas).
Beidh srianta lána agus an luasteorainn shealadach 60 ciliméadar san uair i bhfeidhm go fóill sa dá threo idir Acomhal 10 (an Nás Theas) agus Acomhal 11 (comhcheangal an M7/M9) go dtí go bhfógraítear a mhalairt.
 
Chun teacht ar bhreis faisnéise maidir leis an scéim agus dul chun cinn leanúnach, féach, le do thoil, láithreán gréasáin na scéime www.m7upgrade.com